Rang a Trí : Ceapairí Tósta

2.3.2017 Rinne rang a trí ceapairí tósta. Cheannaigh an múinteoir im, cáis, liamhás agus arán. Phioc siad arán ban nó arán donn. Chuir na páistí gach rud ar na ceapairí. Chuir an múinteoir na ceapairí isteach sa tóstaer. Tar éis tamaill bhí siad réidh. Ansin d’ith na páistí na ceapairí. Bhí siad blasta! Mmmm